Bhuel tá Seachtain na Gaeilge thart go ceann bliana eile, agus má d’éirigh leat theacht tríd go slán sábháilte, tá féasta fuaime i ndán duit ar nós* na míosa seo.
Uimhir 1 ar an liosta ar ndóigh ná albam iontach SnaG, Ceol 09, agus tá ceann do gach duine sa lucht féachana! Níl i ndáiríre ach tá deis agat cóip a bhuachan inár gcomórtas anseo.
Tá leideanna úsáideacha ag Gael glórmhar Seattle faoi conas do chuid cheoil féin a chur ar fáil ar leithéidí iTunes agus tá spléachadh againn chomh maith ar cad a bhí ag dul ar aghaidh ar chúl an ardáin ag na gradaim Meteor.
Bhí céadfaí uile ár ngrianghrafadóra faoi ionsaí nuair a thug sí cuairt ar an India agus faigheann muid amach go bhfuil agóidí ar son athraithe le cloisteáil go hard i mBurma go fóill.
Tá sé sin ar fad agus tuilleadh le léamh in Eagrán 9 atá ar fáil anois, mar sin ceannaigh cóip inniu nó, níos fearr fós, faigh síntiús duit féin!
Agus munar éirigh leat leagan clóite de Eagrán 8 a fháil, tá sé ar fáil le léamh anois ar an bhreathnóir issuu anseo.
Ar a bharr sin tá rannóg nua ‘Físeáin’ againn ina mbeidh cuid de na gearrthóga Gaeilge is fearr ar líne le feiceáil agus, amach anseo, tá súil againn ár bhfíseáin speisialta féin a thaispeaint chomh maith.
An leor sin don mhí seo?









Iontach, ní fhaca mé an leagan clóite d’eagrán 8 ach tá cuma gleoita air ar an viewer sin. Caithim ma lámha a fháíl ar eagrán 9…
Is breá liom na físeáin sin, tá na ceoltóirí ar fheabhas!
An bhfuil sé fíor nó bréagach go raibh orthu glaoch ar otharcarr i ndiaidh do fhear titim i láige sa Chultúrlann théis dó an leagan is úire agus is fearr riamh de nós* a fheiceáil?
Chuala mé nach dtiocfadh leis stopadh de chaoineadh.
Tharla an rud céanna anseo i Luimneach a Mhicí. Do ghlac cara liom an magazine is déanaí isteach i dtigh mór Gaelach sa mbaile agus bhí gach éinne as anáil de bharr na cainte ar fad a deineadh ina thaobh.
Beir bua agus beannacht.
Bhál, má shíleann sibh go bhfuil sé sin go dona, bhí círéibí aige na mic léin i mBéal Feirste Lá ‘le Pádraig de bhrí gur díoladh amach nós* i siopa aontas na mic léinn!