Eagrán Aibreáin, Físeáin…

cover-9Bhuel tá Seachtain na Gaeilge thart go ceann bliana eile, agus má d’éirigh leat theacht tríd go slán sábháilte, tá féasta fuaime i ndán duit ar nós* na míosa seo.

Uimhir 1 ar an liosta ar ndóigh ná albam iontach SnaG, Ceol 09, agus tá ceann do gach duine sa lucht féachana! Níl i ndáiríre ach tá deis agat cóip a bhuachan inár gcomórtas anseo.

Tá leideanna úsáideacha ag Gael glórmhar Seattle faoi conas do chuid cheoil féin a chur ar fáil ar leithéidí iTunes agus tá spléachadh againn chomh maith ar cad a bhí ag dul ar aghaidh ar chúl an ardáin ag na gradaim Meteor.

Bhí céadfaí uile ár ngrianghrafadóra faoi ionsaí nuair a thug sí cuairt ar an India agus faigheann muid amach go bhfuil agóidí ar son athraithe le cloisteáil go hard i mBurma go fóill.

Tá sé sin ar fad agus tuilleadh le léamh in Eagrán 9 atá ar fáil anois, mar sin ceannaigh cóip inniu nó, níos fearr fós, faigh síntiús duit féin!

Agus munar éirigh leat leagan clóite de Eagrán 8 a fháil, tá sé ar fáil le léamh anois ar an bhreathnóir issuu anseo.

Ar a bharr sin tá rannóg nua ‘Físeáin’ againn ina mbeidh cuid de na gearrthóga Gaeilge is fearr ar líne le feiceáil agus, amach anseo, tá súil againn ár bhfíseáin speisialta féin a thaispeaint chomh maith.

An leor sin don mhí seo? ;-)

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , ,

5 Freagra ar “Eagrán Aibreáin, Físeáin…”

  1. Ciarán Ceolmhar
    06.04.2009 ag 16:21 #

    Iontach, ní fhaca mé an leagan clóite d’eagrán 8 ach tá cuma gleoita air ar an viewer sin. Caithim ma lámha a fháíl ar eagrán 9…

  2. Dáithí D
    07.04.2009 ag 00:39 #

    Is breá liom na físeáin sin, tá na ceoltóirí ar fheabhas!

  3. Micí Cholim Shéain Báin
    10.04.2009 ag 07:42 #

    An bhfuil sé fíor nó bréagach go raibh orthu glaoch ar otharcarr i ndiaidh do fhear titim i láige sa Chultúrlann théis dó an leagan is úire agus is fearr riamh de nós* a fheiceáil?

    Chuala mé nach dtiocfadh leis stopadh de chaoineadh.

  4. Paidí Phádraig
    10.04.2009 ag 14:16 #

    Tharla an rud céanna anseo i Luimneach a Mhicí. Do ghlac cara liom an magazine is déanaí isteach i dtigh mór Gaelach sa mbaile agus bhí gach éinne as anáil de bharr na cainte ar fad a deineadh ina thaobh.

    Beir bua agus beannacht.

  5. Séaghan Ó Néill
    10.04.2009 ag 16:53 #

    Bhál, má shíleann sibh go bhfuil sé sin go dona, bhí círéibí aige na mic léin i mBéal Feirste Lá ‘le Pádraig de bhrí gur díoladh amach nós* i siopa aontas na mic léinn!

Tabhair Freagra