
Bhí foireann nós* an-ghnóthach le tamall anuas – ag obair ar an chéad eagrán eile, ag ullmhú do na míonna amach romhainn, ag tabhairt faoi fheachtas díolacháin – ach tá áthas orainn a chur in iúl daoibh go bhfuil Eagrán 11 – sea, 11 cheana féin! – ar fáil anois don phobal Gaelach.
Ar leathanach tosaigh an eagráin seo tá White Denim, a bhfuil léirmheas ar a n-albam is déanaí le léamh sa rannóg cheoil. Tá cur síos ar an fhéile scannán Guth Gafa, neart grianghraf gigeanna, léargas ar mholadh nua chun fuinneamh a ghiniúint, colún nua aerach, an Cailín sa Chathair agus léirmheas ar an Lancer Evo nua ann chomh maith, mar aon le go leor eile mar is gnáth.
Tá nuacht eile againn dár léitheoirí an mhí seo, is é sin go bhfuil 25% bainte de chostas na síntiús ar fad idir seo agus 1 Meán Fómhair!
Tá breis ioncaim de dhíth ar an iris ionas go mairfidh sí beo mar sin muna bhfuil síntiús agat cheana, ní gá duit anois ach €30 a chaitheamh chun cóip de nós* a fháil sa phost gach mí. Dar linn gur margadh iontach é seo mar sin scaip an scéal agus cabhraigh linn an iris Ghaeilge is snasta riamh a chur ar fáil daoibh.
Tuilleadh sonraí anseo.





Iontach ar fad a nós*óirí, tá an iris thar barr & tá an margadh thar barr freisin!
Ag súil go mór le Eagrán 11…
White Denim, is breá liom iad! Ag súil go mór leis an léirmheas, an-suas chun dáta
Míle buíochas leis an bhfoireann ar fad, tá an t-eagrán is déanaí ar fheabhas agus caighdeán na Gaeilge míle uair níos fearr ná mar a bhí san eagrán deiridh (is aistritheoir agus profléitheoir gairmiúil mé i measc rudaí eile). Bhí na hailt go léir an-spéisiúil agus míle moladh don eagarthóir/phrofléitheoir – rinne sibh sárjab!