Eagrán 10 srl.

cludach-10Bhuel tá eagrán uimhir 10 – sea, tá muid i bhfigiúir dhúbailte! – amuigh agus léite ag ár síntiúsóirí cheana!

San eisiúint seo tá agallamh leis an gceoltóir óg nuálach Daithí Ó Drónaí, léirmheas ar albam nua Bob Dylan, réamhbhlaiseadh ar an fhéile cheoil Exit sa tSeirbia, pictiúir ó scannán úr Star Trek, faisean ón Ibéir, eolas faoin leabhar Do Ghairm Le Gaeilge, tuairisc ón Camino de Santiago, filleadh an Chailín sa Chathair, léargas ar Lá ANZAC, an Seanduine Liath agus léirmheas ar an chluiche ríomhaireacht Empire: Total War… agus sin díreach cuid de!

Beidh ábhar an eagráin chlóite seo le fáil ar nosmag.com ag deireadh na míosa agus idir an dá linn beidh tú in ann eagrán mhí Aibreáin a léamh ar an mbreathnóir issuu anseo agus, ar ndóigh, cuirfear scéaltaí eile suas ar an suíomh i rith an ama.

Scéaltaí Eile:

Clibeanna:

2 Freagra ar “Eagrán 10 srl.”

  1. M Mac Cuarta
    17.05.2009 ag 19:35 #

    Tá mé tar éis mo chóip a fháil agus, arís eile, tá sibh i ndiaidh sárú ar an éacht atá déanta agaibh go dtí seo. Maith sibh a chairde.

    An-sásta go bhfuil an Cailín ar ais ach is dóigh liom nach bhfuil chomh fiáin is a bhí, más fiáin an focal ceart!

  2. John
    17.05.2009 ag 19:58 #

    Níl sé feicthe go fóill agam, ach tá mé ag tnúth go mór lena léamh!!!

Tabhair Freagra