Breithlá nós* & Eagrán 8

 

nos8Nuair a cuireadh an chéad eagrán den iris seo ar líne ar 17 Márta 2008, ní raibh a fhios againn cad é a bhí i ndán don togra.

An meallfaí na léitheoirí? An bhfanfadh na scríbhneoirí? Cén chuma a bheadh ar nós* i gceann bliana?

Bhuel 12 mí ar aghaidh tá áthas orainn a rá gur cruthaíodh pobal léitheoireachta (agus é ag méadú i gcónaí), gur cuireadh leis an fhoireann agus go bhfuil cuma bhreá ar an iris (cé go ndeir muid féin é!). 

Chun ár gcéad bhreithlá seo a cheiliúradh tá eagrán eile clóite réidh le seoladh amach chuig ár síntiúsóirí agus le cur ar sheilfeanna ar fud na tíre.

Mar a bheifeá ag súil, tá blas láidir SnaG ar Eagrán 8 agus tá liosta lán imeachtaí againn d’ócáidí éagsúla a bheas ag titim amach le linn na míosa. Istigh ann chomh maith tá:

  • Réamhbhlaiseadh ar CEOL ’09
  • Léirmheasanna albam – Van Morrison, The Prodigy
  • Léirmheasanna scannáin – Role Models, Watchmen
  • Sraitheanna teilifíse – The Flight of the Conchords, Na Baillitheoirí Ceoil
  • Gné-alt ar Hunger
  • Córas Oibriúcháin Ubuntu v Windows Vista
  • Teilifíseáin Ardghléine/HD
  • Lá Twitter na Gaeilge 17.03.09
  • The Token
  • An Seanduine Liath
  • Cuairt ar Bharraigh #2
  • Tinte na hAstráile
  • Comórtas Gaeltachta Ghael Linn

Agus muna leor sin daoibh, tá an suíomh úrnua ar bhfuil sibh faoi láthair faoi lán seoil anois le neart rudaí deasa a chuireann go mór le heispéireas iomlán nós*.

Beidh scéaltaí nua le léamh ar nosmag.com ar bhonn rialta – agus ábhar iomlán Eagrán 8 le fáil anseo ar an mhí seo chugainn – ach is é an t-aon bhealach le scéaltaí agus dearadh an leagain chlóite a bhlaiseadh ina iomlán díreach anois ná síntiús a ghlacadh amach nó cóip a phiocadh suas sna siopaí.

Mar sin bigí linn ar an turas – cá bhfios cá rachaimid?!

Clibeanna: ,

20 Freagra ar “Breithlá nós* & Eagrán 8”

  1. Síle 6
    05.03.2009 ag 11:23 #

    Lá breithe shona daoibh a chairde!

    Tá sibh tar éis an saol Gaelach ‘a shoilsiú suas’ le bliain anuas.

    Gur fada beo nós*!

  2. Micilín Muc
    05.03.2009 ag 11:39 #

    An bhfuil sé fíor nach bhfuil cóipeanna ar bith d’eagrán Feabhra fágtha? Deir an fear siopa liom go bhfuil fás as cuimse ar an éileamh do na heagráin chlóite!

  3. nós*
    05.03.2009 ag 13:38 #

    Go raibh maith agaibh a chairde as bhur nótaí tráchta.

    Is é a Mhicilín, tá an-éileamh ar na heagráin chlóite anois agus tá eagrán Feabhra díolta amach ar fad.

    Faigh do chóip d’eagrán Mhárta go luath!

  4. Niall Ó D
    05.03.2009 ag 14:17 #

    Comhgairdeas agus maith sibh!!

    Cá háit ar féidir liom cóip a fháil i mBéal Feirste, de gnáth bím a léamh ar líne ach bheadh sé deas na chóip crua a cheannacht as seo amach.

    beir bua!

  5. Rónán MAB
    05.03.2009 ag 21:23 #

    Maith sibh!.Éacht déanta agaibh.Tógann sibh mo chroí!

  6. Gearóid
    06.03.2009 ag 12:54 #

    Comhgairdeas libh ar fad a chairde. Obair iontach déanta agaibh leis an suíomh chomh maith.

  7. Cú Chonnacht
    06.03.2009 ag 13:03 #

    Comhghairdeas Nós, mar bhronntanas tá sé i gceist agam síntiús a fháil

  8. Oiriallach
    09.03.2009 ag 18:04 #

    An bhfaca duine ar bith an suíomh seo roimhe. Tá mé ina dhiaidh teacht air. Is iontach an rud an méid suíomhanna Gaeilge maithe atá ann anois as Gaeilge le Nós, An Druma Mór agus anois Inside Ireland.

    • Albanach
      10.03.2009 ag 10:16 #

      Ceart ar fad agat, tá nós* iontach agus tá rudaí maithe ag tarlaint anois le Radio Rí Rá srl. Fiú tá cúisí ag éirí níos fhearr anseo in Alba comh maith!

  9. Lucht Tacíochta an Chailín
    10.03.2009 ag 17:34 #

    Cá bhfuil ‘Cailín sa Chathair’ na míosa seo ar an suíomh, tá mé ar a cuartú!

    • An Cailín Féin
      11.03.2009 ag 15:43 #

      eek. gabh mo mhíle leithscéal, bhí mé róghafa le tamaill anuas le haon chuntas a choinneáil de m’eachtraí. beidh mé ar ais go luath, tá súil agam.

  10. aodh dubh
    10.03.2009 ag 23:09 #

    an diúc é féin ar ceol ’09?!?! i ndáiríe? iontach! is breá liom a bhfuil eisithe aige go dtí seo. ag súil go mór lena leithéid air seo le fada. an d’fhéadfainn bheith ag éisteacht le “roth saor” roimh i bhfad?

  11. Leaid as Luimneach
    11.03.2009 ag 18:10 #

    Airím go mór uaim eachtraí Chailín sa Chathair agus an stór iontach focal dána a ghabhann lena gcur síos! Agus os rud é nach mbíonn mórán ama agam bheith ag pleidhcíocht ar líne, ba dheas liom dá bhféadfainn léamh faoina cuid geáitsíochta sa chóip chrua!

    • nós*
      12.03.2009 ag 09:11 #

      A leaid,
      Is féidir linn a rá leat go bhfuil muid ag obair air sin agus beidh ábhar an chailín sa chóip chrua arís.
      Go raibh maith agat.

  12. Séamas
    12.03.2009 ag 21:17 #

    Foirfe!
    Tá iarracht den scoth déanta agaibh. Cothrom na Féinne daoibh!

  13. Ceoltóir
    19.03.2009 ag 20:52 #

    An bhfuil a fhios ag éinne cad é atá ag tarlú le Ceol ’09 i mbliana? Bíonn sé amuigh in am do Sheachtain na Gaeilge de ghnáth ach níor chuala mé iomrá ar bith air go dtí seo. Dáta ar bith luaite go fóill faoi cén uair a mbeidh sé sna siopaí?

    • RG Cuan
      19.03.2009 ag 23:36 #

      De réir mo thuisceana, tá siad ag cur dlaoi mhullaigh ar an albam faoi láthair agus beidh sé réidh gan mhoill. Chuala mé roinnt de na hamhráin ar an raidió le déanaí.

  14. Séaghan an Díomas
    25.03.2009 ag 10:14 #

    Ba chóir dúinn mar Ghaedhail an córas bliana a athrughadh. Ní 2009 é seo dar liomsa ach 0001 i.n (iar-nós*).

    Thoisigh saoghal úr Gaedhalach le beathughadh nós*, cha rabh ann roimhe ach doradachas asu éadóchas.

    Is ionann nós* agus eile agus breacadh an lae, gluaiseacht úr bunaithe ar shaothar agus díograis na nGaedhal seachas ar airgead na nGall.

    Go rabh maith agaibhse go léir.

    Is mise

    Séaghan an Díomas, An Niallach Mór.

    • nós*
      25.03.2009 ag 12:36 #

      Is maith linn go mór an dóigh a bhfuil tú ag smaoineamh a Shéaghain, agus go raibh maith agat as do chuid moltaí ar fad.

      Gur fada buan an Niallach Mór.

  15. johnmodonoghue
    08.04.2009 ag 18:14 #

    Cá bhfuil an Cailín sa Chathair imithe ?

Tabhair Freagra