Leideanna Smididh

 

bad-gal-lashNíor chóir go mbeadh ort bonnsmideadh (foundation) tiubh a chaitheamh na laethanta seo, is leor maothóir dathach (tinted moisturiser).

Tá an-chuid acu seo thart faoi láthair, msh Laura Mercier, Benefit, Origins agus Clinique. 

Déanann siad san ar fad cinn deasa éadroma agus bí cinnte go bhfaigheann tú an dath ceart. 

Uaireannta ní bhíonn SPF iontu seo mar sin bí ag faire amach dó sin.

Caith uait an púdar freisin – lig don aer feabhas a chur ar do chraiceann.

Má bhíonn tu ag lorg luisnigh (blusher) nua ná bac le púdar ach faigh crème blush deas, féachann sé níos nádurtha agus tá sé eadrom freisin.

Cur mascara dubh/donn ar na súile agus ní bheidh aon ní eile uait. Go pearsanta is maith liom Chanel Inimitable nó Bad Gal Lash ó Benefit.

Más rud é go bhfuil tú bréan tuirseach den smideadh cheana, bain triall as smideadh déanta as mianraí i.e Bare Escentuals nó Jane Iredale. 

Ní hamháin go mbreathnóidh tú go hálainn ach beidh tú ag deanamh maitheasa don chraiceann chomh maith.

Sínéad Ní Churnáin

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , ,

Freagra amháin ar “Leideanna Smididh”

  1. Síle SAM
    23.02.2009 ag 14:32 #

    Cool, bhain mé an-taitneamh as na píosaí seo ar an iris, an-sásta go mbeidh siad le léamh anseo freisin.

    Agus na focail nua, luisneach le haghaidh blusher, úsáideach!

Tabhair Freagra