Sean-nós* #1 – carachtar éalaithe

Dia daoibh, a óige na hÉireann, agus cén treo ina bhfuil sé ar crochadh? 

Is dócha nach mbeidh aithne ag an mhórchuid agaibh orm, mar ní léann daoine óga leabhair níos mó. 

Sibh róghnóthach ag cur amach bhur gcuid éadaí nite ar an idirlíon, nó ag iarraidh an tax a ghearrtar oraibh a oibriú amach ar na háireamháin láimhe a mbíonn sibh ag fútráil leo i gcónaí.

Is mise an Seanduine Liath, carachtar a d’éalaigh ó úrscéal de chuid Myles na gCopaleen. 

Gabhaigí agus léigí an leabhar anois muna bhfuil sé léite agaibh; An Béal Bocht an teideal atá air.

Ach ní dhéanfaidh sibh sin, ar ndóigh. Ní dhéanann an t-aos óg rud ar bith a deirtear leo a dhéanamh. 

Easnamh taithí ar a bheith in arm is cúis leis, agus gan cleachtadh ar bith oraibh orduithe a ghlacadh agus a chomlíonadh. 

Sin torthaí phróiseas na síochána duit, go bhfóire Dia orainn!

Ach éist, níor chuala mé aon trácht sna meáin gur scoireadh Na Fianna go fóill; b’fhéidir go bhfuil seans agaibh mar sin cúpla ceacht míleata a fhoghlaim san eagraíocht sin.

legs-streetIs iomaí athrú ar an saol a mhothaigh mé ó d’éalaigh mé ón leabhar sin, agus tá athrú aeráide na hÉireann ar an cheann is suntasaí acu.

Fáiltím leis an athrú seo, mar ciallaíonn sé go mbíonn ainnireacha leathnochta ag siúl na sráideanna, is cuma cén t-am den bhliain é.

Nuair a bhí mise i m’ógduine liath, ní fheicfeá craiceann nocht ach amháin sa samhradh, má bhí an t-ádh ort.

Ach anois, fiú ag an am seo den bhliain, is beag cailín a théann tharam sa suíochán is fearr i gcaifé sráide taobh thiar de Shráid Grafton nach mbíonn féirín beag aici dom; gualainn gheal; cos tánaí a théann an bealach uilig go dtí an talamh; fiú, mar a dúirt Cú Chulainn le hEmer tráth, “feicim tír mhilis; thiocfadh liom mo chlaíomh a chur ansin”.

Agus thiocfadh fosta, ach, mo nuar, tá an claíomh céanna as feidhm leis na cianta.

Is dócha go bhfuil mé róshean le go mbeadh tionchar ag an téamh domhanda seo ormsa, mar bím chomh fuar agus a bhínn riamh sa gheimreadh, cóta mór fada á chaitheamh agam agus mé i mo shuí taobh amuigh ag amharc ar na cailíní ag dul thart, na lámha á gcroitheadh agam istigh sna pócaí leis an fhuil a choinneáil ag imshruthú iontu.

Ar fháth éigin, tá an freastalaí i ndiaidh ordú dom bogadh ar aghaidh go háit éigin eile… 

Ní bhíonn an tsuim chéanna agam, ar chúinsí creidimh is claonta, sna hógánaigh a shiúlann tharam ar an tsráid, ach tugaim faoi deara go mbíonn siadsan lán chomh te is a bhíonn na mná óga, fiú agus gaotha garbha an gheimridh ag dul sna cnámha agam.

Seans go raibh dul amú orm níos luaithe maidir le heaspa taithí ar an saol míleata, mar bíonn éide áirithe á gcaitheamh ag na buachaillí seo, léine den déanamh céanna orthu uilig lena bhféiniúlacht a chur in iúl. Ní fhaca mé bréidín, ná caipín, ná bástcóta le blianta, agus sáraíonn sé orm, in éagmais phóca an bhástcóta, cá gcuireann na leaideanna seo a gcuid píopaí agus tobac.

Cé go bhfuil cuma fholláin ar an chuid is mó de na daoine óga a mbím ag cúléisteacht orthu, mo nuar, bíonn siad tinn an chuid is mó den am.

Is minic a chluinim iad ag caint faoi na piollaí a ghlac siad, nó atá siad ar tí a ghlacadh, agus uair nó dhó chonaic mé créatúr bocht a raibh air instealladh a thabhairt dó féin síos lána, cibé cén tinneas tobann a bhuail é.

Rinne mé iarracht otharcharr a fháil do dhuine acu ach ní raibh mé in ann guthán poiblí a aimsiú. 

Ar an dea-uair, tháinig mé ar bheirt Ghardaí, is ba bheag nár rith siad go dtí an lána nuair a chuir mé ar an eolas iad, bhí fonn chomh mór sin orthu cuidiú leis an fhear bhocht.

Níos mó uaim ar an ábhar seo amach anseo, muna maraíonn an téamh domhanda seo mé lena fhuacht.

An Seanduine Liath

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , , , , , ,

Níl aon trácht ann go fóill.

Tabhair Freagra