Sean-nós* #3 – buntáistí & míbhuntáistí

mighty-boosh-morAr na buntáistí atá le saol carachtair in úrscéal tá:

a) nach gcaithfidh tú do chuid éadaí féin a cheannach;

b) nach n-íocann tú cáin ioncaim – amanna, ní léir go mbíonn ioncam agat fiú, ach tugtar airgead duit má tá sé de dhíth;

c) ní bhíonn ort dul chuig teach an asail (ag brath ar an úrscéal ar ndóigh), gníomhaíocht a chuireann cuid mhór de mo chuid ama amú ó d’éalaigh mé ó m’úrscéal féin.

Ar na míbhuntáistí atá le bheith beo in úrscéal tá:

d) nach bhfaigheann tú deis amharc ar an teilifís; agus

e) go mbíonn tú ag brath ar an údar maidir le cothú.

Agus, mo nuar, nach dearmadach a bhíonn na diabhail chéanna maidir leis an fhear istigh? Bíonn sé amuigh ar na fir chéanna fosta go mbíonn bua na samhlaíochta acu, ach is beag fianaise atá agamsa air sin: níor ith mise ach prátaí idir na leathanaigh s’agamsa, ba chuma cén t-am den lá a bhí ann.

Ach éist, maidir le a) thuas, chuala mé ceann maith ó sheanfhondúir eile agus muid beirt cuachta istigh sa Leabharlann Náisiúnta le déanaí ag iarraidh éalú ón sneachta, agus ó phraghas ró-ard an chaife sna caiféanna mallaithe sin.

Bhí an seanleaid seo ag iarraidh éalú óna theaghlach fosta, a bhí ag cur brú air cóta nua a cheannach.

Leis an fhírinne a dhéanamh, bhí siad ag iarraidh cóta nua a cheannach dó; mar sin, níorbh é an sprionlaitheacht cúis a dhrogaill.

Níorbh é, muise, ach dearcadh i bhfad is críonna.

Mar a mhínigh sé dom: “Ag cur san áireamh an iliomad fadhbanna sláinte atá agam, mé isteach agus amach ón ospidéal le mí anuas, níl aon chinnteacht ann go bhfaighinn caitheamh ar bith as cóta nua.”

A leithéid de dhuairceas fíor-Ghaelach níor chuala mé le fada an lá!

Ní raibh mé in ann an seanfhondúir a cheistiú faoi cé chomh forleathan is a bhí an dearcadh seo ina shaol – bhí mé ag gáire chomh tréan sin gur dheacair dom análú fiú – ach chaith mé an chuid eile den lá ag meabhrú faoi.

Agus é ag an fhiaclóir, ar dhiúltaigh sé coinne a dhéanamh don chéad chuairt eile ar mhaithe le dúch i bpeann an rúnaí a spáráil?

An raibh sé de nós aige iarracht a dhéanamh leathbhuilín aráin a cheannach ar eagla go mbeadh sé féin ar shlí na fírinne agus arán gan múscán gorm air fágtha díomhaoin ina dhiaidh aige?

Agus an éireodh sé lá breá éigin le fógairt dá bhean chéile nárbh fhiú an babhla bracháin a dhoirteadh amach dó mar go raibh tuairim láidir aige nach sroichfeadh an brachán an ceann eile dó?

Beidh an seanfhear sin ina laoch agam amach anseo, agus é ina mhalairt ghlan oraibhse, a mhuintir óg, a chaitheann bhur gcuid éadaí ar shiúl beag beann ar cé acu an bhfuil siad úr nua nó seanchaite.

Is beag stad bus a shiúlaim thairis (féach b) thuas don fháth nach bhfanaim ann le dul ar an bhus) nach mbíonn mála scoile agus bléasar fágtha ar an talamh taobh leis.

Agus, go moch ar maidin, bíonn flúirse fó-éadaí ban ar fáil ar na sráideanna.

Balún beag ar ligeadh an t-aer as in aice leo de ghnáth, ar fháth éigin.

Agus ní éadaí amháin a chaitheann sibh uaibh le linn na hoíche.

Tá seanfhear eile ar m’aithne a éiríonn go moch gach maidin agus a théann amach leis an nuachtán a cheannach.

Níl rud ar bith as an gnáth leis sin, dar libh, ach éistigí.

Tá sé ina riail dhaingean ag an fhear seo gan airgead ar bith a thabhairt leis ag fágáil an tí dó: muna n-aimsíonn sé go leor bonn ar an talamh a cheannóidh nuachtán dó, téann sé abhaile gan é.

An gá dom a lua nár chaill sé ceannlíne le daichead bliain anuas?

Agus maidir leis na héadaí a chaitheann sibh…

Bhuel, bhí mé ag ceolchoirn de chuid The Mighty Boosh le déanaí agus, ar feadh tamaill, shíl mé go raibh suas le 500 duine le bheith thuas ar an ardán an oíche sin mar gheall ar an fheisteas uafásach, gránna, greannmhar, iomarcach a bhí á chaitheamh agaibh.

An ligeann bhur gcuid mamaithe amach mar sin sibh?

Nuair a deirim go raibh mé ag ceolchoirm de chuid The Mighty Boosh, taobh amuigh den halla a bhí mé ag iarraidh na déirce.

Féach a), b) agus e) thuas.

An Seanduine Liath

Scéaltaí Eile:

Clibeanna: , , ,

2 Freagra ar “Sean-nós* #3 – buntáistí & míbhuntáistí”

  1. Séaghan Ó Néill
    05.04.2009 ag 13:47 #

    Comhrá Gaeilge circa 2024 :

    - An bhfuil nóisis agat?
    - Tá cinnte, buíochas le nós*.
    - Caidé mar atá tú a nósadóra,
    - tá mé go nósach, gura nós* agat.
    - Caidé an nós* atá ort féin?
    - Tá mé ar mhuin na nóise*

  2. Ciarán Ceolmhar
    06.04.2009 ag 16:24 #

    Níor chuala mé faoi nós* go dtí mí ó shin ach ceapaim go bhfuil ‘nóisis’ agam cheana!

    Beidh cuid mhór daoine le Gaeilge in 2024, agus cuid mhór nós* ag dul timpeall freisin, tá súil a’am :-)

Tabhair Freagra