Tá moladh mór ag dul chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus don chomhlacht fógraíochta JC Decaux, as scéim úrnua rothar a chur ar bun sa phríomhchathair.
Ón lá inné tá anois 450 rothar ar fáil ag 40 láthair i lár na cathrach agus is féidir le daoine úsáid a bhaint astu trí shíntiús bliana a cheannach ar líne ag dublinbikes.ie nó ticéad trí lá a fháil ar €2.
Níl aon chostas ar chíos na rothar taobh istigh den chéad leathuair, tá €0.50 ar an chéad uair agus €6.50 ar cheithre uair.
Tá an tseirbhís ar fáil idir 5.30rn agus 12.30in gach lá agus dar leis an Chomhairle go ndearna 1,150 turas ar na rothair nua le linn an chéad lá.
Tá scéimeanna den chineál céanna ar bun i gcathracha eile Eorpacha le fada an lá ach tá amhras léirithe faoin easpa lánaí rothar i mBaile Átha Cliath agus go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé seo isteach ar éifeacht na seirbhíse.
Níl aon rogha Ghaeilge ar na híoc-innill, ná an suíomh idirlín, ach an oiread ach táthar i ndóchas go mbeifear in ann é seo a réiteach má iarrann go leor daoine seirbhís as Gaeilge.
Agus ó tharla gur ag caint ar rothaíocht atá muid, beidh Seachtain Soghluaiseachta Mhaigh Eo 2009 ar siúl ó 16 Meán Fómhair.
Is é cuspóir na seachtaine ná daoine a spreagadh chun a gcarranna a fhágáil sa bhaile agus triail a bhaint as modhanna iompair inbhuanaithe (siúlóid, rothaíocht, iompar poiblí).
I gCaisleán an Bharraigh tá siad ag cur béime ar an rothaíocht agus is í an teachtaireacht atá acu ná “Bí ar do Rothar! / Get on Your Bike!”.
“Caithfimid smaoineamh ar an am atá le teacht, agus dul i dtreo modhanna taistil inbhuanaithe, ar nós siúlóid, rothaíocht, iompar phoiblí,” arsa Thérèse Ruane, Comhairleoir Baile Chaisleán an Bharraigh.
“Is mó na buntáistí a bheadh ann dúinn uilig, deireadh le brú tráchta, slí beatha níos sláintiúla agus baile níos glaine, níos deise agus níos ciúine dúinn uilig.
“Tá súil agam go dtiocfaidh go leor, leor daoine amach agus go mbainfidh siad triail as modhanna iompair inbhuanaithe ar feadh na seachtaine.”
Breis eolais ag castlebar.ie





Nach gcaitheann tú €150 a íoc leis an gComhairle sara mbionn cead agat na rothair a thógaint ar chíos agus ansan is féidir leat rothar a thógaint ar chíos? Anuas ar sin tá ort cárta creidmheasa a bheith agat? Seo fordheontas eile don mheán aicme.
Anuas ar sin, bheifeá glan as do mheabhair bheith ag rothaíocht i mBaile Atha Cliath nó tá tiománaithe na cathrach sin thar a bheith mímhuinte le rothaithe….
Sílim go bhfuil gach cathair mímhúinte le rothaithe, ach is minice nach leanann na rothaithe rialacha an bhóthair.
Faraor is i mBéarla amháin atá na treoracha ag na stáisiúin rothar!
Seans go bhfuil an ceart agat faoin méid a íocann tú roimh ré Concubhar, ceapaim gur chuala mé é sin ar an nuacht, ach déanaim féin rothaíocht i mBÁC agus cé nach mór duit bheith cúramach is féidir é a dhéanamh!
Tá tuilleadh lánaí ag teastáil mar sin féin…